Food Safety Authority of Ireland

About the Food Safety Authority of Ireland

The Food Safety Authority of Ireland (FSAI) has national responsibility for coordinating the enforcement of food safety legislation in Ireland. Its mission is to protect consumers’ health and consumers’ interests by ensuring that food consumed, produced, distributed or marketed in the State meets the highest standards of food safety reasonably attainable and that people have accurate and worthwhile information about the nature of the food they eat.

The FSAI focuses on putting consumers’ health and interests first and foremost and is fully committed to providing its customers with an efficient, timely, professional and courteous service.

If you’re not happy with the standard of hygiene in a restaurant, shop or any other food outlet, if you find that food isn’t fit to eat, or if you are unhappy with a food label you should make a complaint.

You can also complain if the quality of service provided by the FSAI does not meet your expectations.

In addition, you have the right to complain if you are unhappy with the outcome of an inspection of your food business, or are unhappy with the conduct of an inspector.

Who can complain to the FSAI?

The FSAI will deal with complaints from consumers who are unhappy with hygiene standards in restaurants, shops or any other food outlets, who find that food isn’t fit to eat, or who are unhappy with food labels.

The FSAI will also deal with complaints from any of its customers (which include consumers, food business operators, media, students, researchers, food safety trainers, personnel from official agencies and Government departments, and food related non-Governmental organisations) who are unhappy with the quality of service provided by the FSAI.

Food business operators who are unhappy with the outcome of an inspection or the conduct of an inspector can also make a complaint to the FSAI.

How to make a complaint about a food safety issue

Consumers can call the FSAI advice-line on 1890 33 66 77, or report a premises or product to info@fsai.ie or via the online complaint form on the FSAI’s website, www.fsai.ie.  Most food premises are inspected by environmental health officers (EHOs) of the Health Service Executive, on behalf of the FSAI.

When making a food safety complaint, please include the following information:

  • The date you visited the premises or bought the food product
  • The name and address of the premises or the name of the food product and address of manufacturer, use-by date or best before date, batch code etc.  In the case of a complaint about a food product, you should keep the product label and also any unused product, sealed in a container, stored in a fridge or freezer if necessary and marked DO NOT EAT.
  • Details of your complaint
  • Your contact details
  • Any other relevant information

All details provided to the FSAI are fully confidential and are required only for the purpose of follow-up by the EHOs (or inspectors from other agencies) investigating the complaint.

Suspect food poisoning

If you suspect you have food poisoning you should contact your GP (family doctor). The symptoms of food poisoning can occur days after eating contaminated food.  You may suffer nausea, vomiting, cramps, diarrhoea and/or a high temperature.

Make a note of:

  • when and where you purchased the suspect food
  • when you first felt ill
  • what your symptoms were/are

If you still have any of the suspect food, put it in a sealed container and store it in the fridge or freezer, marked DO NOT EAT.

If your GP confirms that you have food poisoning, you should then phone or email the FSAI (1890 336677 or info@fsai.ie) or contact your local environmental health officer.  If other people report illness associated with similar products or premises, your report will help highlight a potential food poisoning outbreak.

How to make a complaint about the FSAI

If you are not happy with the services provided by the FSAI or you believe the services you have received fall short of what is outlined in the FSAI Customer Charter, you have a right to complain.

All formal complaints will be acknowledged within ten working days and responded to in writing as soon as possible. Complaints will be dealt with fairly and independently.

When making a complaint, please include the following information:

  • The date of occurrence
  • Details of your complaint
  • Your contact details
  • Any other relevant details or documentation

Complaints about the FSAI should be directed to:

Customer Complaints Coordinator
Food Safety Authority of Ireland
Abbey Court
Lower Abbey Street
Dublin 1

Phone: 01 817 1300
Email: customerfeedback@fsai.ie

You also have the right to appeal if you are not happy with the way in which the FSAI handles your complaint.

To appeal, please contact:

Customer Appeals
Food Safety Authority of Ireland
Abbey Court
Lower Abbey Street
Dublin 1

Phone: 01 817 1300
Email: customerappeals@fsai.ie

If, however, the outcome of the FSAI appeals procedure is not satisfactory, a customer has the right of further appeal to the Office of the Ombudsman.

Office of the Ombudsman
18 Lower Leeson Street
Dublin 2
Telephone: 01 6395600 / 1890 223030
Email: ombudsman@ombudsman.ie

How to make a complaint about an inspector working on behalf of the FSAI

A food business operator (FBO) has the right to complain if unhappy with the outcome of an inspection of the food business or unhappy with the conduct of an inspector.

The FSAI has national responsibility for coordinating the enforcement of food safety legislation in Ireland.  The FSAI carries out this enforcement function through ‘service contracts’ with official agencies.

These official agencies are:

  • Health Service Executive
  • Department of Agriculture, Food and the Marine
  • Marine Institute
  • City Councils and County Councils
  • Sea-Fisheries Protection Authority
  • National Standards Authority of Ireland

If an FBO wishes to make a complaint about an inspection or inspector, they should first contact the relevant official agency to find out how its complaints procedure works.

If, after completing the official agency’s complaints and appeals procedure, the FBO is still unhappy with the way in which the complaint has been handled, they can then contact the FSAI or the Office of the Ombudsman.  The Ombudsman can investigate complaints against Government departments, local authorities and the Health Service Executive; but the FBO should first complete the formal appeals process of the public body, with which they have the complaint.

Supporting information

The FSAI’s webpage, www.fsai.ie/make_a_complaint.html, outlines what consumers should expect in relation to the food hygiene standards in a food premises, the safety of a food product and food labelling.  It also outlines what to do if food poisoning is suspected.  Contact details for the FSAI advice-line and an online complaint form are available on the website, in addition to contact details for EHOs, should a consumer wish to contact his/her local EHO directly.

The FSAI has published a Customer Charter which outlines the level of service it will provide to its customers.  The Customer Charter is available on the FSAI’s website at www.fsai.ie/about_us/about_fsai/customer_charter.html.  The FSAI’s complaints procedure (complaints about the FSAI) is also outlined in the charter.

An FAQ on making a complaint is available on the FSAI’s website at: www.fsai.ie/faq/making_a_complaint.html

Contact Details

Food Safety Complaints:

FSAI Advice-line
Food Safety Authority of Ireland
Abbey Court
Lower Abbey Street
Dublin 1

Email: info@fsai.ie
Lo-call: 1890 33 66 77
Web: www.fsai.ie

Complaints about the FSAI or about a food inspection or inspector:

Customer Feedback Coordinator
Food Safety Authority of Ireland
Abbey Court
Lower Abbey Street
Dublin 1

Phone: 01 817 1300
Email: customerfeedback@fsai.ie

 


 

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann

Maidir le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann

Is é misean Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (ÚSBÉ) sláinte agus leasanna tomhaltóirí a chosaint trína chinntiú go gcomhlíonann an bia a itear, a dháiltear, a ndéantar margaíocht air nó a tháirgtear sa Stát na caighdeáin is airde maidir le sábháilteacht agus sláinteachas bia.

Tá ÚSBÉ go hiomlán tiomanta do sheirbhís éifeachtach, thráthúil, ghairmiúil agus chúirtéiseach a sholáthar dá chuid custaiméirí.

Mura bhfuil tú sásta leis an gcaighdeán sláinteachais i mbialann, i siopa nó in aon asraon bia eile, más rud é go measann tú nach bhfuil bia oiriúnach le hithe, nó go bhfuil tú míshásta le lipéad bia, ba chóir duit gearán a dhéanamh.

Is féidir leat gearán a dhéanamh freisin más rud é nach gcomhlíonann an tseirbhís arna soláthar ag ÚSBÉ do chuid ionchas.

Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh freisin más rud é go bhfuil tú míshásta le toradh cigireachta ar do ghnólacht bia, nó go bhfuil tú míshásta le hiompar cigire.

Cé atá in ann gearán a dhéanamh le ÚSBÉ?

Déileálfaidh ÚSBÉ le gearáin ó thomhaltóirí atá míshásta le caighdeáin sláinteachais i mbialanna, i siopaí nó in aon asraonta bia eile a mheasann nach bhfuil bia oiriúnach le hithe, nó atá míshásta le lipéid bhia.

Déileálfaidh ÚSBÉ le gearáin freisin ó aon duine dá chuid custaiméirí (lena n-áirítear tomhaltóirí, an tionscal bia, dáileoirí bia, lónadóirí, miondíoltóirí, na meáin, mic léinn, taighdeoirí, agus pearsanra ó ghníomhaireachtaí oifigiúla agus ó ranna Rialtais) atá míshásta leis an gcaighdeán seirbhíse arna sholáthar ag ÚSBÉ.

Is féidir le hoibreoirí gnólachta bia atá míshásta le toradh cigireachta nó le hiompar cigire gearán a dhéanamh le ÚSBÉ.

Conas gearán a dhéanamh faoi shaincheist a bhaineann le sábháilteacht bhia
Is féidir le tomhaltóirí glaoch a chur ar líne faisnéise ÚSBÉ ar 1890 33 66 77, nó tuairisc a thabhairt maidir le háitreabh nó táirge do info@fsai.ie nó tríd an bhfoirm ghearáin ar líne ar láithreán gréasáin ÚSBÉ, www.fsai.ie. Déanann oifigigh shláinte comhshaoil (OSCanna) de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cigireacht ar fhormhór na n-áitreabh bia thar ceann ÚSBÉ.

Nuair atá gearán faoi shábháilteacht bhia á dhéanamh agat, folaigh an fhaisnéis seo a leanas le do thoil:

  • An dáta ar thug tú cuairt ar an áitreabh nó ar cheannaigh tú an táirge bia
  • Ainm agus seoladh an áitribh nó ainm an táirge bia agus seoladh an déantóra, an dáta faoinar cheart é a úsáid, cód baisce etc. I gcás gearáin faoi tháirge bia, ba chóir duit lipéad an táirge agus aon táirge neamhúsáidte freisin a choinneáil atá séalaithe i gcoimeádán, stóráilte i gcuisneoir nó i reoiteoir más gá agus atá marcáilte NÁ ITH.
  • Sonraí do ghearáin
  • Do shonraí teagmhála
  • Aon fhaisnéis ábhartha eile

Tá na sonraí ar fad arna soláthar do ÚSBÉ go hiomlán faoi rún agus níl siad ag teastáil ach amháin le haghaidh obair leantach ag OSCanna (nó ag cigirí ó ghníomhaireachtaí eile) atá i mbun imscrúdaithe ar an ngearán.

Nimhiú bia amhrasta

Má tá amhras ort go bhfuil nimhiú bia faighte agat, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do DG (dochtúir teaghlaigh). Uaireanta ní bheidh a fhios agat go bhfuil nimhiú bia faighte agat go dtí laethanta tar éis bia éillithe a ithe. D’fhéadfá masmas, urlacan, crampaí, buinneach nó teocht ard a fhulaingt.

Déan nóta de na nithe seo a leanas:

  • cathain a cheannaigh tú an bia a bhfuil amhras faoi agus cén áit ar cheannaigh tú é
  • cathain a mhothaigh tú breoite den chéad uair
  • cé na hairíonna atá/a bhí ort

Má tá aon chuid den bhia atá faoi amhras fágtha agat, cuir é i gcoimeádán séalaithe agus stóráil é sa chuisneoir nó sa reoiteoir, agus é marcáilte NÁ ITH.

Má dhearbhaíonn do DG go bhfuil nimhiú bia faighte agat, ba chóir duit ansin glaoch a chur ar ÚSBÉ nó ríomhphost a chur chuige (Íosghlao 1890 336677 nó ríomhphost info@fsai.ie) nó déan teagmháil le d’oifigeach sláinte comhshaoil áitiúil. Má thuairiscíonn daoine eile tinneas a bhaineann le táirgí nó le háitreabh den chineál céanna, cuideoidh do thuairisc le haird a tharraingt ar ráig nimhithe bia.

Conas gearán a dhéanamh faoi ÚSBÉ

Más rud é nach bhfuil tú sásta leis na seirbhísí arna soláthar ag ÚSBÉ nó go gcreideann tú nach bhfuil na seirbhísí a fuair tú chomh maith lena bhfuil leagtha amach i gCairt Chustaiméirí ÚSBÉ, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh.

Admhófar gach gearán foirmiúil laistigh de dheich lá oibre agus tabharfar freagra orthu i scríbhinn a luaithe is féidir. Déileálfar le gearán ar bhealach cothrom agus neamhspleách.

Nuair atá gearán á dhéanamh agat, folaigh an fhaisnéis seo a leanas le do thoil:

  • Dáta an teagmhais
  • Sonraí do ghearáin
  • Do shonraí teagmhála
  • Aon sonraí nó doiciméadúchán ábhartha eile

Ba chóir gearáin faoi ÚSBÉ a sheoladh chuig:

An Comhordaitheoir um Aiseolas ó Chustaiméirí
Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann
Cúirt na Mainistreach
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1

Teileafón: 01 817 1300
Ríomhphost: customerfeedback@fsai.ie

Tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi a ndéileálann ÚSBÉ le do ghearán.

Chun achomharc a dhéanamh, déan teagmháil le:

Achomhairc Custaiméirí
Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann
Cúirt na Mainistreach
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1

Teileafón: 01 817 1300
Ríomhphost: customerappeals@fsai.ie

Féadfaidh tú athbhreithniú neamhspleách ar do ghearán a iarraidh ó Oifig an Ombudsman.

Oifig an Ombudsman
18 Lower Leeson Street, Dublin 2
Teileafón: 1890 223 030
Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.gov.ie

Conas gearán a dhéanamh faoi chigire atá ag obair thar ceann ÚSBÉ
Tá sé de cheart ag oibreoir gnólachta bia (OGB) gearán a dhéanamh más rud é go bhfuil sé míshásta le toradh cigireachta ar an ngnólacht bia nó go bhfuil sé míshásta le hiompar cigire.

Tá freagracht náisiúnta ar ÚSBÉ as comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na reachtaíochta sábháilteachta bia in Éirinn. Comhlíonann ÚSBÉ an fheidhm forfheidhmithe seo trí bhíthin ‘conarthaí seirbhíse’ le gníomhaireachtaí oifigiúla.

Is iad na gníomhaireachtaí oifigiúla sin:

  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
  • Foras na Mara
  • Comhairlí Cathrach agus Comhairlí Contae
  • An tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara
  • An tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann

Más mian le OGB gearán a dhéanamh faoi chigireacht nó faoi chigire, ba chóir dó teagmháil a dhéanamh ar dtús leis an ngníomhaireacht oifigiúil iomchuí le fáil amach conas a oibríonn a nós imeachta gearán.

I gcás ina bhfuil an OGB míshásta leis an gcaoi ar déileáladh leis an ngearán, tar éis dó nós imeachta gearán agus achomhairc na gníomhaireachta oifigiúla a chur i gcrích, is féidir leis teagmháil a dhéanamh le ÚSBÉ nó le hOifig an Ombudsman. Is féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin in aghaidh ranna Rialtais, údarás áitiúil agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; ach ba chóir don OGB próiseas achomhairc foirmiúil an chomhlachta poiblí lena bhfuil an gearán acu a chur i gcrích ar dtús.

Faisnéis tacaíochta

Leagtar amach ar leathanach gréasáin ÚSBÉ, www.fsai.ie/make_a_complaint.html, cad ba chóir do thomhaltóirí a bheith ag súil leis maidir le caighdeáin sláinteachais bhia in áitreabh bia, le sábháilteacht táirge bia agus le lipéadú bia. Leagtar amach ann freisin an rud ba chóir a dhéanamh má tá amhras faoi nimhiú bia. Tá sonraí teagmhála maidir le líne chomhairle ÚSBÉ agus foirm ghearáin ar líne ar fáil ar an láithreán gréasáin, de bhreis ar shonraí teagmhála maidir le OSCanna, i gcás inar mian le tomhaltóir teagmháil a dhéanamh lena (h)Oifigeach Sláinte Chomhshaoil áitiúil go díreach.

Tá Cairt Chustaiméirí foilsithe ag ÚSBÉ ina leagtar amach an leibhéal seirbhíse a sholáthróidh sé dá chuid custaiméirí. Tá an Chairt Chustaiméirí ar fáil ar láithreán gréasáin ÚSBÉ ag www.fsai.ie/about_us/about_fsai/customer_charter.html. Leagtar nós imeachta gearán ÚSBÉ (gearáin faoi ÚSBÉ) amach sa chairt freisin.

Tá Ceisteanna Coitianta maidir le gearán a dhéanamh ar fáil ar láithreán gréasáin ÚSBÉ ag: www.fsai.ie/faq/making_a_complaint.html

Sonraí teagmhála

Gearáin maidir le Sábháilteacht Bhia

Líne chomhairle ÚSBÉ
Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann
Cúirt na Mainistreach
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1

Ríomhphost: info@fsai.ie
Íosghlao: 1890 33 66 77
Láithreán gréasáin: www.fsai.ie

Gearáin faoi ÚSBÉ nó faoi chigireacht a rinneadh ar bhia nó faoi chigire bia:

An Comhordaitheoir um Aiseolas ó Chustaiméirí
Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann
Cúirt na Mainistreach
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1

Teileafón: 01 817 1300
Ríomhphost: customerfeedback@fsai.ie


Page last updated: 21 October 2014