Glossary of terms
Acute hospital services
Services for seriously ill or injured patients.
Complaint
A complaint is an expression of dissatisfaction about any service or action of the HSE or service provider that you consider to be unfair and that negatively affects you or has affected you in the past. This could mean any action that is:
- taken without proper permission or authority,
- taken for unnecessary reasons,
- the result of carelessness or negligence,
- based on wrong or incomplete information,
- discriminatory, or
- based on bad administrative practice.
Concern
A concern is information which may indicate an unacceptable standard of care, affecting the wellbeing of people using health and social care services.
GP Visit Card
GP Visit Cards allow individuals and families who qualify to visit their family doctor for free. Find out more on citizensinformation.ie.
Healthcare services
Services received by individuals or communities to promote, maintain, monitor or restore health.
In-patient services
Inpatient services are those services where a patient stays overnight in hospital.
Medical card
A medical card issued by the Health Service Executive (HSE) allows the holder to receive certain health services free of charge. Find out more on citizensinformation.ie.
Out-patient services
Outpatient services are services that a patient accesses in a hospital but where they do not need to stay overnight.
Private patient
A patient who pays for care themselves, either directly or through health insurance. See also our page, ‘Public patient or private patient?‘.
Professional misconduct
Behaviour or standards of practice that are seriously outside the bounds of what is considered acceptable of its membership by the governing body of a profession.*
*This is not a legal definition of ‘Professional misconduct’.
Public patient
A patient whose care is provided, organised or paid for by the Health Service Executive (HSE). See also our page, ‘Public patient or private patient?‘.
Service
Anywhere health and/or social care is provided. Examples include dental surgeries, GP clinics, hospitals, nursing homes, services for people with disabilites and children’s residential services.
Service provider
A person or organisation responsible for providing health and/or social care services.
Social care services
The range of services and supports provided to some children, older people and people with disabilities to help with daily living and functioning. For example, help with washing, eating, dressing and maintaining social contact with friends and family.
Standard of care
The level of care that can be expected of a service provider involved in delivering health and social care to people.
Gluais téarmaí
Seirbhísí ospidéal géarmhíochaine
Seirbhísí d’othair atá go dona tinn nó gortaithe go dona.
Gearán
Is éard is gearán ann ná léiriú míshástachta faoi aon tseirbhís nó beart de chuid FSS nó soláthraí seirbhíse a mheasann tú a bheith míchothrom agus a bhfuil drochthionchar aige ort nó a raibh drochthionchar aige ort san am atá thart. D’fhéadfadh sé go gciallódh sé sin aon bheart:
- a rinneadh gan cead ná údarás cuí,
- a rinneadh ar chúiseanna nár leor iad,
- a rinneadh de bharr faillí nó easpa cúraim,
- a bhí bunaithe ar fhaisnéis mhícheart nó neamhleor,
- a bhí idirdhealaitheach, nó
- a bhí bunaithe ar dhroch-chleachtas riaracháin.
Ábhar imní
Is éard atá in ábhar imní ná faisnéis a d’fheadfadh a thabhairt le fios go bhfuil caighdeán cúraim ann nach bhfuil inghlactha, a bhfuil tionchar aige ar fholláine daoine a úsáideann na seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta.
Cárta Cuairte Dochtúra
Cuireann Cárta Cuairte Dochtúra ar chumas daoine agus teaghlaigh incháilithe dul saor in aisce chuig a ndochtúirí teaghlaigh. Faigh tuilleadh eolais ag citizensinformation.ie.
Seirbhísí Cúraim Sláinte
Seirbhísí a fhaigheann daoine aonair nó pobail chun a sláinte a chur chun cinn nó a chothabháil, nó faire a dhéanamh uirthi nó í a thabhairt ar ais dóibh.
Seirbhísí d’othair chónaitheacha
Seirbhísí d’othair chónaitheacha iad na seirbhísí sin ina bhfanann an t-othar san ospidéal thar oíche.
Cárta Leighis
Má eisíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) cárta leighis do dhuine bíonn an té sin i dteideal seirbhísí áirithe sláinte a fháil saor in aisce. Faigh tuilleadh eolais ag citizensinformation.ie.
Seirbhísí d’othair sheachtracha
Seirbhísí d’othair sheachtracha iad na seirbhísí sin a fhaigheann othar in ospidéal ach nach gá dóibh fanacht ann thar oíche.
Othar príobháideach
Bíonn duine ina othar príobháideach má íocann sé nó sí go díreach as an gcúram nó trí bhíthin a (h)árachas sláinte. Féach ar ár leathanach, ‘Othar poiblí nó othar príobháideach?’
Mí-iompar gairmiúil
Iompar nó caighdeáin chleachtais atá i bhfad lasmuigh de na teorainneacha sin a mheasann comhlacht rialaithe gairme a bheith inghlactha i gcás a chomhaltaí.*
*Ní sainmhíniú dlíthiúil é seo ar cad is ‘mí-iompar gairmiúil’ ann.
Othar poiblí
Othar is ea é seo arb í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a chuireann cúram ar fáil dó nó di, nó a eagraíonn an cúram sin nó a íocann as. Féach ar ár leathanach, ‘Othar poiblí nó othar príobháideach?’
Seirbhís
Aon áit a gcuirtear cúram sláinte agus/nó cúram sóisialta ar fáil. Samplaí díobh siúd iad lialanna fiaclóirí, clinicí DG, ospidéil, tithe altranais, seirbhísí le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus seirbhísí cónaitheacha do leanaí.
Soláthraí seirbhíse
Duine nó eagraíocht atá freagrach as seirbhísí cúraim sláinte agus/nó cúraim shóisialta a chur ar fáil.
Seirbhísí cúraim shóisialta
An raon seirbhísí agus tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do roinnt leanaí, do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas le cabhrú leo feidhmiú ina ngnáthshaol laethúil. Mar shampla, cabhrú leo iad féin a ní, a bheith ag ithe, iad féin a ghléasadh agus teagmháil shóisialta a bheith acu lena gcairde agus lena dteaghlaigh.
Caighdeán cúraim
An leibhéal cúraim ar féidir a bheith ag súil leis ó sholáthraí atá ag cur cúraim sláinte agus cúraim shóisialta ar fáil do dhaoine.