How to complain about a home care service organised by the HSE

The Health Service Executive (HSE) provides home care packages as part of the Home Care Support Scheme. Sometimes the home care is provided by a private company on behalf of the HSE.

Complaints Officer

If your home care package is provided directly by the HSE or organised by the HSE, your first point of contact for a complaint about any aspect of your care should be the Complaints Officer for that service.

You should ask for the contact details of the Complaints Officer from the health centre or from your Local Health Office. You should be able to make your complaint in writing, in person or over the telephone.

The HSE has a complaints procedure called Your Service Your Say. You can expect an update on your complaint within 30 days.

You can find out more in our page on the Your Service Your Say procedures.

Health Service Executive (HSE) Review

If you are unhappy with the recommendations made by the Complaints Officer, you can ask for a review from the HSE’s Director of Advocacy or go straight to the Office of the Ombudsman or Ombudsman for Children.

You can find out more in our page on the Your Service Your Say procedures.

Office of the Ombudsman / Ombudsman for Children

If you are not happy with the response from the HSE, you can ask the Office of the Ombudsman to examine your complaint and how your complaint was handled.

You can find out more in our page on referring a complaint to the Office of the Ombudsman.

If the complaint relates to a child, you should contact the Ombudsman for Children.

You can find out more in our page on referring a complaint to the Ombudsman for Children.

Help and advocacy

If you would like help making your complaint, you can find a list of organisations that can help in our page on help and advocacy services.

 


 

Conas gearán a dhéanamh faoi sheirbhís cúram baile a eagraíonn FSS

Cuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) pacáistí cúram baile ar fáil mar chuid den Scéim Tacaíochta Cúram Baile. Amanna, cuireann cuideachta phríobháideach cúram baile ar fáil thar ceann FSS.

Oifigeach Gearán

Má chuireann FSS do phacáiste cúram baile ar fáil go díreach nó má eagraíonn FSS é, agus más rud é go bhfuil gearán agat faoi aon ghné de do chúram, is é Oifigeach Gearán na seirbhíse sin an chéad duine ar cheart duit labhairt leis.

Ba cheart duit sonraí teagmhála an Oifigigh Ghearán a iarraidh ar an ionad sláinte nó ar d’Oifig Sláinte Áitiúil. Ba chóir duit a bheith in ann do ghearán a dhéanamh i scríbhinn, go pearsanta nó ar an teileafón.

Tá nós imeachta ag FSS ar a dtugtar ‘Do Sheirbhís, Do Bharúil’ Féadfaidh tú a bheith ag súil go bhfaighidh tú an scéal is déanaí faoi do ghearán laistigh de 30 lá.

Is féidir leat tuilleadh a fháil amach inár leathanach maidir le nósanna imeachta, Do Sheirbhís, Do Bharúil.

Athbhreithniú ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Más rud é nach bhfuil tú sásta leis na moltaí a rinne an tOifigeach Gearán, féadfaidh tú iarraidh ar Stiúrthóir Abhcóideachta FSS athbhreithniú a dhéanamh, nó féadfaidh tú féin dul i dteagmháil le hOifig an Ombudsman nó leis an Ombudsman do Leanaí.

Is féidir leat tuilleadh a fháil amach inár leathanach maidir le nósanna imeachta, Do Sheirbhís, Do Bharúil.

Oifig an Ombudsman / Oifig an Ombudsman do Leanaí

Más rud é nach bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ó FSS, is féidir leat iarraidh ar Oifig an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar do ghearán agus ar an dóigh a caitheadh le do ghearán.

Is féidir leat níos mó a fháil amach inár leathanach faoi ghearán a chur ar aghaidh chuig Oifig an Ombudsman.

Má bhaineann an gearán le leanbh, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman do Leanaí.

Is féidir leat níos mó a fháil amach inár leathanach faoi ghearán a chur ar aghaidh chuig an Ombudsman do Leanaí.

Cabhair agus abhcóideacht

Dá mba mhaith leat cabhair a fháil le do ghearán a dhéanamh, is féidir leat liosta d’eagraíochtaí ar féidir leo cabhrú leat a fháil inár leathanach maidir le seirbhísí cabhrach agus abhcóideachta.


Page last updated: 18 January 2016