How to complain about a HSE health centre

Services from the HSE are generally provided in health centres or Local Health Offices in your local area.

A list of HSE centres is available on the HSE website.

The wide range of services that are provided through Local Health Offices and from Health Centres include general practitioner (GP, or family doctor) services, public health nursing, community welfare, chiropody, optical services, speech therapy, social work and home help.

Complaints Officer

If you are having difficulty accessing a HSE service, or have a complaint about the facilities in a HSE health centre or Local Health Office, you should first contact the centre itself.

You should ask for the contact details of the Complaints Officer from the health centre or from your Local Health Office. You should be able to make your complaint in writing, in person or over the telephone.

The HSE has a complaints procedure called Your Service Your Say. You can expect an update on your complaint within 30 days.

You can find out more in our page on the Your Service Your Say procedures.

Health Service Executive (HSE) review

If you are unhappy with the recommendations made by the Complaints Officer, you can ask for a review from the HSE’s Director of Advocacy or go straight to the Office of the Ombudsman or Ombudsman for Children.

You can find out more in our page on the Your Service Your Say procedures.

Office of the Ombudsman / Ombudsman for Children

If you are not happy with the response from the HSE, you can ask the Office of the Ombudsman to examine your complaint and how your complaint was handled.

You can find out more in our page on referring a complaint to the Office of the Ombudsman.

If the complaint relates to a child, you should contact the Ombudsman for Children.

You can find out more in our page on referring a complaint to the Ombudsman for Children.

Help and advocacy

If you would like help making your complaint, you can find a list of organisations that can help in our page on help and advocacy services.

 


 

Conas gearán a dhéanamh faoi ionad sláinte de chuid FSS

Cuirtear seirbhísí ó FSS ar fáil in ionaid sláinte nó in Oifigí Sláinte Áitiúla i do limistéar áitiúil de ghnáth.

Tá liosta d’ionaid FSS ar fáil ar láithreán gréasáin FSS.

I measc an raon leathan seirbhísí a sholáthraítear trí Oifigí Sláinte Áitiúla agus ó Ionaid Sláinte tá seirbhísí dochtúra ginearálta (DG, nó dochtúir teaghlaigh), altranas sláinte poiblí, leas pobail, cosliacht, seirbhísí optúla, teiripe urlabhra, obair shóisialta agus cúntóir baile.

Oifigeach Gearán

Má tá deacracht agat teacht ar sheirbhís FSS, nó má tá gearán agat faoi na háiseanna in ionad sláinte nó in Oifig Sláinte Áitiúil de chuid FSS, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an ionad féin ar dtús.

Ba cheart duit sonraí teagmhála an Oifigigh Ghearán a iarraidh ar an ionad sláinte nó ar d’Oifig Sláinte Áitiúil. Ba chóir duit a bheith in ann do ghearán a dhéanamh i scríbhinn, go pearsanta nó ar an teileafón.

Tá nós imeachta ag FSS ar a dtugtar ‘Do Sheirbhís, Do Bharúil’ Féadfaidh tú a bheith ag súil go bhfaighidh tú an scéal is déanaí faoi do ghearán laistigh de 30 lá.

Is féidir leat tuilleadh a fháil amach inár leathanach maidir le nósanna imeachta, Do Sheirbhís, Do Bharúil.

Athbhreithniú ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Más rud é nach bhfuil tú sásta leis na moltaí a rinne an tOifigeach Gearán, féadfaidh tú iarraidh ar Stiúrthóir Abhcóideachta FSS athbhreithniú a dhéanamh, nó féadfaidh tú féin dul i dteagmháil le hOifig an Ombudsman nó leis an Ombudsman do Leanaí.

Is féidir leat tuilleadh a fháil amach inár leathanach maidir le nósanna imeachta, Do Sheirbhís, Do Bharúil.

Oifig an Ombudsman / Oifig an Ombudsman do Leanaí

Más rud é nach bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ó FSS, is féidir leat iarraidh ar Oifig an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar do ghearán agus ar an dóigh a caitheadh le do ghearán.

Is féidir leat níos mó a fháil amach inár leathanach faoi ghearán a chur ar aghaidh chuig Oifig an Ombudsman.

Má bhaineann an gearán le leanbh, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman do Leanaí.

Is féidir leat níos mó a fháil amach inár leathanach faoi ghearán a chur ar aghaidh chuig an Ombudsman do Leanaí.

Cabhair agus abhcóideacht

Dá mba mhaith leat cabhair a fháil le do ghearán a dhéanamh, is féidir leat liosta d’eagraíochtaí ar féidir leo cabhrú leat a fháil inár leathanach maidir le seirbhísí cabhrach agus abhcóideachta.


Page last updated: 18 January 2016