How to complain about a day care service organised by the HSE

Complaints Officer

Your first point of contact for a complaint about an aspect of a day care service should be the Complaints Officer for that service.

You should ask for the contact details of the Complaints Officer from the health centre or from your Local Health Office. You should be able to make your complaint in writing, in person or over the telephone.

The HSE has a complaints procedure called Your Service Your Say. You can expect an update on your complaint within 30 days.

You can find out more in our page on the Your Service Your Say procedures.

Health Service Executive (HSE) review

If you are unhappy with the recommendations made by the Complaints Officer, you can ask for a review from the HSE’s Director of Advocacy or go straight to the Office of the Ombudsman or Ombudsman for Children.

You can find out more in our page on the Your Service Your Say procedures.

Office of the Ombudsman / Ombudsman for Children

If you are not happy with the response from the HSE, you can ask the Office of the Ombudsman to examine your complaint and how your complaint was handled.

You can find out more in our page on referring a complaint to the Office of the Ombudsman.

If the complaint relates to a child, you should contact the Ombudsman for Children.

You can find out more in our page on referring a complaint to the Ombudsman for Children.

Professional bodies

Your complaint about day care may be to do with a particular professional, for example a doctor or a nurse. In these cases you can also take a complaint to the professional body repsonsible for regulation in the area, for example, the Medical Council for doctors and The Nursing and Midwifery Board of Ireland for nurses.

Find out more in our page on complaining to the Medical Council.

Find out more in our page on complaining to The Nursing and Midwifery Board of Ireland.

Help and advocacy

If you would like help making your complaint, you can find a list of organisations that can help in our page on help and advocacy services.

 


 

Conas gearán a dhéanamh faoi sheirbhís cúram lae a eagraíonn FSS

Oifigeach Gearán

Más rud é go bhfuil gearán agat faoi ghné éigin de sheirbhís cúram lae, is é Oifigeach Gearán na seirbhíse sin an chéad duine ar cheart duit labhairt leis.

Ba cheart duit sonraí teagmhála an Oifigigh Ghearán a iarraidh ar an ionad sláinte nó ar d’Oifig Sláinte Áitiúil. Ba chóir duit a bheith in ann do ghearán a dhéanamh i scríbhinn, go pearsanta nó ar an teileafón.

Tá nós imeachta ag FSS ar a dtugtar ‘Do Sheirbhís, Do Bharúil’ Féadfaidh tú a bheith ag súil go bhfaighidh tú an scéal is déanaí faoi do ghearán laistigh de 30 lá.

Is féidir leat tuilleadh a fháil amach inár leathanach maidir le nósanna imeachta, Do Sheirbhís, Do Bharúil.

Athbhreithniú ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Más rud é nach bhfuil tú sásta leis na moltaí a rinne an tOifigeach Gearán, féadfaidh tú iarraidh ar Stiúrthóir Abhcóideachta FSS athbhreithniú a dhéanamh, nó féadfaidh tú féin dul i dteagmháil le hOifig an Ombudsman nó leis an Ombudsman do Leanaí.

Is féidir leat tuilleadh a fháil amach inár leathanach maidir le nósanna imeachta, Do Sheirbhís, Do Bharúil.

Oifig an Ombudsman / Oifig an Ombudsman do Leanaí

Más rud é nach bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ó FSS, is féidir leat iarraidh ar Oifig an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar do ghearán agus ar an dóigh a caitheadh le do ghearán.

Is féidir leat níos mó a fháil amach inár leathanach faoi ghearán a chur ar aghaidh chuig Oifig an Ombudsman.

Má bhaineann an gearán le leanbh, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman do Leanaí.

Is féidir leat níos mó a fháil amach inár leathanach faoi ghearán a chur ar aghaidh chuig an Ombudsman do Leanaí.

Comhlachtaí gairmiúla

D’fhéadfadh gairmí ar leith, mar shampla, dochtúir nó altra, a bheith i gceist le do ghearán faoi chúram lae. Sna cásanna sin, is féidir leat gearán a dhéanamh freisin leis an gcomhlacht gairmiúil atá freagrach as rialáil sa cheantar, mar shampla, Comhairle na nDochtúirí Leighis do dhochtúirí agus an Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann agus Cnáimhseachais na hÉireann d’altraí.

Faigh amach níos mó inár leathanach faoi ghearán a dhéanamh le Comhairle na nDochtúirí Leighis.

Faigh amach níos mó inár leathanach faoi ghearán a dhéanamh leis an mBord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann.

Cabhair agus abhcóideacht

Dá mba mhaith leat cabhair a fháil le do ghearán a dhéanamh, is féidir leat liosta d’eagraíochtaí ar féidir leo cabhrú leat a fháil inár leathanach maidir le seirbhísí cabhrach agus abhcóideachta.


Page last updated: 18 January 2016